Caitheamh Aimsire – bhíodh Peadar ag imirt peil do fhoireann na nDúnaibh. Bhain siad craobh sóisearach an chontae in 1957, in éadan Leitir Ceanainn. Chuir imirce isteach go mór ar an fhoireann ach choinnigh an bádchlós agus McNutts croí agus anam an fhóirinn. Ní raibh duine ar bith den fhoireann ag ól agus bhí siad ag traenáil agus ábalta i gcónaí.